Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
You are EU
Grianghraf tógtha ón taobh de bhuachaill óg agus é ag síneadh a láimh i dtreo painéal gréine

Saoirse, Síocháin agus Neamhspleáchas Fuinnimh.

Is féidir linn é seo a dhéanamh le chéile

Daonlathas, saoirse, comhionannas, caoinfhulaingt, agus dlúthpháirtíocht. Is iad sin na luachanna Eorpacha a aontaíonn sinn. Léirigh ionradh na Rúise ar an Úcráin go bhfuil ár ndaonlathas, ár ngeilleagar agus ár neamhspleáchas fuinnimh fite fuaite ina chéile. Déanaimis deimhin de le chéile go mbíonn fuinneamh glan in-athnuaite againn – fuinneamh atá déanta san Eoraip. Is le hiarracht aontaithe amháin is féidir linn na spriocanna sin a bhaint amach. Seasaimis ar son ár luachanna chun todhchaí ár dteaghlach, na haeráide agus an phláinéid a chosaint.

You are EU!

 

An bhrí atá le ‘You are EU’

Is cuireadh é ‘You are EU’ do gach Eorpach chun bheith rannpháirteach agus cuidiú linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn chun todhchaí níos fearr a thógáil ina mbeidh fuinneamh glan, déanta san Eoraip. Féadfaimid brath ar ár neart, rud a tharraingímid as ár mian chomhchoiteann an domhan ina mairimid a mhúnlú. Is é ‘You are EU’ ár ngealltanas mar Eorpaigh, mar a bhfuil tábhacht leis an méid a dhéanaimid go léir. Is ráiteas é ‘You are EU’ gur féidir linn aistriú i gcomhpháirt i dtreo fuinneamh glan de thionscnamh an Aontais. Is meabhrúchán é ‘You are EU’ go bhfuil go leor le déanamh, agus gur féidir linn é a dhéanamh le chéile ar mhaithe leis na glúine atá le teacht. Is mar gheall ar ár bpáistí agus ar ár ngarpháistí a dhírímid ar an mbealach chun cinn agus ar an sprioc chomhchoiteann atá againn – ár ndaonlathas, ár ngeilleagar agus ár nAontas síochánta neamhspleách a chaomhnú.

Saoirse, Síocháin agus Neamhspleáchas Fuinnimh - Buachaill óg agus é ag síneadh a láimh i dtreo painéal gréine
Daonlathas, Éagsúlacht agus Cosaint na hAeráide - Bean óg agus roinnt tuirbíní gaoithe sa chúlra
Cobhsaíocht, Meas agus an tAistriú Glas - Fear agus é cromtha síos chun dhá chábla a cheangal le chéile os cionn roinnt painéil gréine
Aontacht, Slándáil agus Fuinneamh In-athnuaite - Fear óg agus é ag féachaint ar a ghuthán fad is atá sé ina luí ar a charr leictreach

© An tAontas Eorpach, 2023. Gach ceart ar cosaint. Tá codanna áirithe ceadúnaithe faoi choinníollacha don Aontas.

Le chéile, léiríomar go n‑éiríonn leis an Eoraip rudaí a dhéanamh ach a bheith misniúil ceannasach. Níl deireadh lenár gcuid oibre go fóill, ach a mhalairt ar fad, mar sin seasaimis le chéile. Déanaimis beart de réir ár mbriathair inniu agus ullmhaímis don lá amárach.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

You are EU, gach duine agaibh

Le ‘You are EU’, gníomhachtaítear daoine, spreagtar daoine agus labhraítear le daoine ó thíortha uile an Aontais Eorpaigh. Le ‘You are EU’, cumhachtaítear sinn agus aontaítear ár luachanna le meon an aistrithe. Nasctar le chéile sinn mar Eorpaigh. Ag an am céanna, tugtar treoir dúinn le haghaidh na todhchaí. Cuirtear gné fadbhreathnaitheach linn maidir le cé muid féin, agus cuirtear ar ár gcumas dúinn an bealach chun cinn a mhúnlú go gníomhach bunaithe ar an tsaoirse, ar an tsíocháin agus ar an dlúthpháirtíocht, agus foinsí fuinnimh glana neamhspleácha mar chuid de.

You are EU, gach duine agaibh.